Agus é suite i radharcra álainn Dhún na nGall, ar chósta Atlantach Iarthuaisceart na hÉireann, is iontach agus is álainn an tÓstán é Óstán Harvey’s Point. Ní hamháin sin ach tá seomraí den chéad scoth, ardbhia agus fáilte Uí Cheallaigh le fáil uainn.
Tá an t-óstán féin suite ar bhruach Loch Iascaigh ag bun na gCruach agus is iad muintir Gysling atá i mbun an óstáin iontaigh seo. Tá daoine ag teacht chuig Óstán Harvey’s Point ó 1989 i leith agus is mór an ráth atá ar an óstán agus é anois ar cheann de phríomhóstáin an Iarthuaiscirt agus, leoga, na hÉireann trí chéile.
Is féidir Óstán Harvey’s Point a bheith ina cheann scríbe agat nó ina bhunáit agat chun cuairt a thabhairt ar cheantar álainn aoibhinn Iarthuaisceart na hÉireann.
Níl an t-óstán féin ach uair an chloig ó aerfoirt Shligigh agus Dhoire, agus tá sé gar go maith d'aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste freisin dóibh siúd a bhfuil carr acu. In ainneoin é a bheith neadaithe go sócúlach in aice le Loch Iascaigh, níl Harvey's Point ach 10 nóiméad sa charr ó Bhaile Dhún na nGall.
|